An chathair is mó i Nua-Mheicsiceo, sna Stáit Aontaithe, is ea Albuquerque, agus é suite i lár an stáit, ar dhá thaobh an Rio Grande. …An chathair is mó i Nua-Mheicsiceo, sna Stáit Aontaithe, is ea Albuquerque, agus é suite i lár an stáit, ar dhá thaobh an Rio Grande. Príomhchathair riaracháin Chontae Bernalillo atá ann. Bhí 557,169 duine ina gcónaí sa chathair ar 1 Iúil 2014 de réir mheastacháin a rinne Biúró Dhaonáirimh na Stát Aontaithe. Measadh 902,797 duine a bheith ina gcónaí i mórcheantar Albuquerque an bhliain roimhe sin.