Tír in oirdheisceart na hÁise í an Mhalaeisia. Tá teorainneacha aici leis An Téalainn, Singeapór, Brúiné agus An Indinéis. Is í an Mhalaeis an teanga náisiúnta. Is é Kuala Lumpur an phríomhchathair. Bhí bunadh na Malaeisia ag cur in aghaidh an choilíneachais Bhriotanaigh ón mbliain 1948 ar aghaidh. Géarchéim eile a bhí ann a fuair Churchill mar oidhreacht ón …Tír in oirdheisceart na hÁise í an Mhalaeisia. Tá teorainneacha aici leis An Téalainn, Singeapór, Brúiné agus An Indinéis. Is í an Mhalaeis an teanga náisiúnta. Is é Kuala Lumpur an phríomhchathair. Bhí bunadh na Malaeisia ag cur in aghaidh an choilíneachais Bhriotanaigh ón mbliain 1948 ar aghaidh. Géarchéim eile a bhí ann a fuair Churchill mar oidhreacht ón rialtas a bhí ann roimhe, agus rinne sé mar a rinne sa Chéinia: thairg sé an lámh láidir do na treallchogaithe agus lámh an chara dóibh siúd nach raibh sáite sa chogaíocht. Thug sé a fhaomhadh do thógáil na sráidbhailte daingnithe, fosta. Ba chleas oirbheartaíochta é seo a d'éirigh coitianta i gcogaí coilíneacha nó iarchoilíneacha na nEorpach is na Meiriceánach i ndiaidh a lae féin.