argentina

Is tír i Meiriceá Theas í an Airgintín. Tá teorainneacha aici leis an Sile, le Paragua, leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl agus le Uragua. Ceann de thíortha an réigiúin úd Río de la Plata is ea í, agus cosúil leis na tíortha eile i Río de la Plata, fuair sí a lán tionchair ón Iodáil, ó shocraigh a lán lucht imirce ón tír sin san Airgintín. Tá lorg na hIodáilise féin le mothú sa ch…
Is tír i Meiriceá Theas í an Airgintín. Tá teorainneacha aici leis an Sile, le Paragua, leis an mBolaiv, leis an mBrasaíl agus le Uragua. Ceann de thíortha an réigiúin úd Río de la Plata is ea í, agus cosúil leis na tíortha eile i Río de la Plata, fuair sí a lán tionchair ón Iodáil, ó shocraigh a lán lucht imirce ón tír sin san Airgintín. Tá lorg na hIodáilise féin le mothú sa chineál Spáinnise a labhraítear sa tír. Is iad teangacha na n-inimirceach, mar an Iodáilis, an Ghearmáinis, an Araibis agus an Bhéarla féin, na teangacha mionlaigh is mó. Cailleadh an mhórchuid de na teangacha bundúchasacha i ndiaidh theacht na Spáinneach, ach labhraítear roinnt acu fós, Ceatsuaise agus Guaráinise san áireamh.
  • Aintiún: Himno Nacional Argentino
  • Mana: «En unión y libertad»
  • Ainmnithe in ómós: airgead
  • Iomlán: 47,327,407 (2022)
  • Déamainm: Airgintíneach
  • Teanga oifigiúil: an Spáinnis
  • Reiligiún: an Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Sonraí ó: ga.wikipedia.org